Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 437

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 437

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 437
  3. XML “Sháraigh na Mná Harry Sceatail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a bhí an-chliste. Chaith sí gealladh nach ngabhfadh sí i mbárr breithe [?] air. Bhí an thír ar fad fá n-a smacht ag Harry agus ceist ar bith bhéadh le socrughadh tugtaí ó's a chómhair í.
    Bhí beirt fhear ann an t-am seo agus bhí láir agus gearrán aca. Bhí searrach ag an láir a bhíodh i gcómhnuidhe leis an ngearrán. Fá cheann tamaill thosuigh fear an gearráin ag rádh gur leis féin an searrach. Tugadh an chúis ós cómhair Harry. Dubhairt seisean an péire leigean amach ar an gcnoc agus an ceann a racadh sé abhaile leis é fhágail ag a máistir. De réir an t-socrughadh sin ba le máistir an ghearráin an searrach. Lá amháin tháinig an fear ar leis an láir chuig bean Harry agus d'iarr congnamh uirthí. Dubhairt sí leis dhul ag iasgaireacht ar lochán a bhí i n-aice an tighe agus fanacht ann go dtagadh a fear abhaile. Rinne sé amhlaidh. Nuair a tháinig Harry d'fhiafruigh sé de céard a bhí sé a dhéanamh agus dubhairt sé gur ag iasgaireacht. "Ara amadáin cé'n uair chonnaic tú iasg ar lochán"? arsa Harry. "Feictear dom" ars an fear "go bhfuil sé chomh ceart iasg a bheith ar an lochán le searrach a bheith ag gearrán." Tháinig buile ar Harry mar bhí fhios aige gur bí a bhean a chuimhnigh ar an gcleas. D'orduigh sé dí imtheacht. Bhí sí sásta ach an trí rud a bfeárr leí fhághail. Thug sí leí ar dtús mála airgid, an dara rud an malrach óg agus an treas rud. "Siubhail leat tú féin anois 's feárr liom thú ná rud ar bith." Ní raibh le déanamh aige ach i thabhairt ar ais. Bhí saoghal
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0875: The Clever Peasant Girl
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    16
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe