Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)

Suíomh:
Driseachán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Nora Ní Mhaolchaoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 421

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 421

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Driseachán
  2. XML Leathanach 421
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí 'sé ina dlighe i n-Éirinn fadó gach duine a dhóghadh chomh luath is a bhéidís trí sgór bliadhain d'aois.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    bhí sean-fhear ann a bhí ós cionn na h-aoise sin. Ní raibh aoinne sa teach leis ach a mhac agus bean a mhic. D'iarr an sean-fhear ar an mac é chur síos fá'n urlár agus nár bhféidir leaoinne é fhághail. Rinne an mac amhlaidh. Bhí daoine ar a thóir ag an righach níor bhféidir leo é fhághail. Dubhairt fear feas an ríogh leis an mac a charaid, a mámhaid agus bréagán a thighe a thabhairt go dtí an chúirt. Ní raibh fhios ag an mac céard iad sin ach casadh fear dó agus dubhairt sé leis gur bé a chapall, a charaid, gur bí a bhean a námhaid agus an mhalrac bréagán a tighe. Chuaidh an mac chuig an gcúirt agus thug leis na rudaí seo. Leag sé a lámh ar a chapall agus dubhairt "sin é mo charaid," ar an malrach agus dubhairt "sin é bréagán mo tighe" agus ar a bhean agus dubhairt "sin í mo charaid". Tháinig fearg ar an mnaoí agus dubhairt tuige an dtiubharfá námhaid orm-sa agus t-athair thíos sa sileár agat le deich mbliadhna agus gan mé 'á innseacht". Bhí fhios annsin cá raibh an sean-fhear bhí sé le dhóghadh lá ar na bhárach.
    Bhí go leor daoine le bheith cruinniighthe ag an teine agus h-iarrffaidhe ar gach duine sgéal an innseacht. Ar a bhealach do'n mhac casadh fear air a dubhairt nach raibh aon sgéal aige. Dubhairt an mac leis "abair nach bhfuil aon sgéal agat ach go bhfuil mise ioctha agat le sgéal innseacht i d'áit." Thárla gach rud i gceart ná gur h-iarradh ar an bhfear seo a sgéal innseacht. Dubhairt sé nach raibh aon cheann aige ach go raibh fear íoctha
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0852: The Hero Forces the Princess to Say, “That is a Lie.”
    AT0981: Wisdom of Hidden Old Man Saves Kingdom
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlís Nic Allmhúráin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Chloch Bhreac Uachtair, Co. na Gaillimhe