Scoil: Driseachán (uimhir rolla 16647)
- Suíomh:
- Driseachán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Nora Ní Mhaolchaoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Driseachán
- XML Leathanach 413
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí bean ann fadó agus bhí cat dubh aicí.”
(ar lean ón leathanach roimhe)agam". Thosuigh an sagart ag guidhe agus chaith sé an cat isteach a seomra agus dubhairt leí gan an doras fhosgailt go dtagadh sé féin arís. Tháinig sé an céad lá eile agus thosuigh ag guidhe arís agus chuaidh an cat amach an doras mar splanc teineadh.Scéal
“Bhí fear ann fadó agus bhí ceathrar mac aige.”
Bhí fear ann fadó agus bhí ceathrar mac aige. Nuair a bhíodar bliadhain agus fiche dubhairt gach duine go ngabhfaidís ag foghlain ceirde. D’imthigheadar go dtángadar go dtí cros bhóthar. Chuaigh duine soir, duine siar, duine ó thuaidh duine ó dheas. Casadh fear ar an gcéad mhac agus ‘dfhiafruigh sé de cá raibh sé ag dul agus dubhairt sé go raibh sé ag dul ag fóghluim a cheirde. “Múinfead sa foghlaéreacht dhuit arsa na fear”. “Táim sása” arsa an mac. Casadh fear lein an dara mac a mhúin gadhuidheacht dó. Casadh fear leis an tríomhadh mac a mhúin tincéaracht dó agus casadh fear ar an geathramadh mac a mhúin dó le h-éisteacht le gach rud a bhéadh ar siubhal sa domhan. I gceann bliadhna casadh an ceathrar mac ag an gcros-bóthar. Chuadar abhaile agus d’innsigheadar dá n-athair na ceardann a bhí fóghluimthe aca. Dubhairt sé leo go raibh éan I gcranni n-aice an tigh agus go raibh ceithre h-uibhe aicí I ‘n-a nead. D’iarr sé ar chluas le h-éisteacht fios fhághail céard a bhí sí a rádh. Chuir seisean leac le n-a chluais agus dubhairt go raibh sí ag rádh go raibh ceithre h-uibhe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Áine Ní Sheóighe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Driseachán, Co. na Gaillimhe