Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)
- Suíomh:
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Mac An Ríogh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Seanafarachán
- XML Leathanach 209
- XML “Poll Tí Lábáin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)in a dhiaidh agus bhí sé ag dearcadh isteach ar an bhfuinneóig. Nuair a chuaidh sé ar ais leis an miosúr "Tá airgead ad" ars an mac mór. "Tá" adeir an mac beag "nár dhubhairt mé leat go mbéidh an sgéal ab' bfearr dhom a chonnaic mé riamh é an bhó sin a mharbhú". Meas tú dá mharbhóchadh mise cupla ceann do mo chuid ba an bhfuighinn trí céad punt an ceann ortha". "Níl fhios agam adeir an mac beag níl mise dá rádh leat, bíodh do chomhairle féin agad".
Mharbhuigh sé trí ceann d'á chuid bha agus thug sé leis na croicinn chun 'na margadh acht dá mbeadh sé annsin ó shoin ní fiafróchaidh na croicinn dhó. Tháinig sé abhaile annsin agus dubhairt sé leis an mac beag go marbhóchadh sé a mháthair air. "B'féidir gurabh é an sgéal is fearr dom a chonnaic mé ariam" ar seisean. Agus mharbhuigh sé a mháthair air.
Chuir an mac beag síos i mála í agus bhí margadh le bheith i láthair an lá céadhna agus bhí teach fir an tsaidhbhir in aice leis agus bhí bean an fhir tsaidhbhir ar an margadh. Bhí aithghiorra soir ó theach an fhir seo agus bhí tobar ar thaobh an bealaigh. Nuair a bhí bean an fhir tsaidhbhir ag tigheacht abhaile chaith an mac beag a mháthair isteach sa tobar agus rith sé go dtí an teach. Dubhairt sé go raibh a máthair ag ól dighe sa tobar agus gur chaith an chlann is teach í agus iad ag dul fé déin canna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Seoighe
- Ainmneacha eile
- Seán Seoighe
- Tomás Seoighe
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Seoighe
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 40
- Seoladh
- Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe