Scoil: Seanafarachán (uimhir rolla 12646)

Suíomh:
Seanadh Farracháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Mac An Ríogh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 113

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 113

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Seanafarachán
  2. XML Leathanach 113
  3. XML “An tÉan Draíochta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tháinig an fear eile isteach bhíodar ag leagan anuas bord. Bhí fíon agus feól tughtha isteach ag an seanfear agus chuireadar an fíon agus gach rud isteach sa bpress.
    Ghléas an bhean fatai agus bainne do fhear an tsiubhail agus d'ith sé iad. Bhíodar in a suidhe le hais na teineadh nuair chualadar torann bróg ag teacht agus bhí fhios ag bean a' tighe gur'b é a fear a bhí ann. “Cá rachaidh mise” ars an sean-fhirín. Ní raibh fhios aici ó Dhia anuas cá gcuirfeadh sí é, acht bhí baraille ag an gcúl doras agus dubhairt sí leis dul fé agus chuaidh.
    D'oscail sí an doras annsin agus tháinic a fear isteach. Bheannuigh sé féin agus an fear siubhal d'á chéile agus bhíodar ag cainnt ar feadh tamaill. Ghléas an bhean beatha (béile) D'ith a fear féin agus an fear tsiubhal a sáith.
    Suidheadar beirt cois na teallaigh agus nuair a bhíodar tamall ag cainnt, chuimhnigh an fear ar an éan agus leag a láimh ar a phóca agus bhain béic beag as. “Céard é sin” arsa fear a' tighe. “Ean beag draoidheachta atá im' phóca agus bíonn sé ag cainnt mar sin corr-uair”. “Agus céard dubhairt sé anois” arsa fear a' tighe. Dubhairt sé go raibh fíon agus feóil sa bpress arsa fear an tsiubhail. Chuaidh fear a' tighe istigh sa bpress, Fuair sé íad agus thug leis an feóil agus an fíon. D'ith an bheirt an fheóil agus d'óladar an fíon agus bhíodar go breagh sásta annsin. “Tá comrádhtai breagh agat arsa fear a' tighe”. “Is dóigh liom go bhfuil sé in ann gach nidh a dhéanamh” “Bhail tá sé in ann go leór a dhéanamh” arsa an fear siubhal.
    “An dóigh leat go mbéidh sé in ann an diabhal a theasbáint dom”. “B'feidir acht ní maith liom é dhéanamh” arsa an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Seóighe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tamhnaigh an Lín, Co. na Gaillimhe