Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhíos duine ag dul ar an aonach caithtear sean-bhróg leis.
Is ceart duine a bhearra Aoine an Chéasta.
Nuair a cháillter duine ní hiad na daoine céadhna a thiubharfadh amach é agus thiúbharfadh ag an reilg é.
Cuireann cut dubh an táth ar an teach.
Níl sé ceart leigeann d'aon fhear a phíopa a dheargadh istigh i dteach
Fágtar an bainne sa sgiobeól lá Beáltaine.
Dhá mbreathnóchadh an cat ort thar éis a bhéith dhá nígheachán féin ba gheárr go gcaillfídhe thú.
Níl sé ceart a bhéith ag íthe amuigh san oidhche.
Nuair a bhéadh duine ag dul ar snámh is ceart dó trí bhraoin sáile a chaitheamh ar féin.
Ní ceart a dhul amach oidhche Shamhna mar bíonn na sígheóga amuigh.
Ní maith an rud bean rua a fheiceál oidhche Shamhna
is ceart fíor-uisge a thabhairt isteach maidin la Nodhlag(leanann ar an chéad leathanach eile)