Scoil: Tír an Fhiaidh

Suíomh:
Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 115

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 115

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír an Fhiaidh
  2. XML Leathanach 115
  3. XML “Pósaithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    abhaile dhóibh bhíodh siad ag céol agus ag déanamh grinn.
    Thagadh siad ag teach an fhir agus bhíodh an teach sin réidhtighthe i gcoir na bainféise. Nuair a thiocfadh an bhean isteach tar éis pósta dhi, bhíodh bean eile taobh istigh de'n doras ag faire le cáca a bhriseadh ar a mullach. Bhíodh cúigear nó sheisear ban ann le bheith ag freastal, bhíodh an oiread céadna fir ann le bheith ag roinnt an óil. Bhíodh an bhainféis ar siubhal ar feadh seachtmhaine. Bhíodh gach cínéal óil aca poitín portar, leann agus éll (ale). Bhíodh gach saghas damhsa ar siubhal acha agus bhíodh na mná cótaí déarga ag damhsa' na stocaí. Bhíodh na fir ag tabhairt óil dos na sean mhná go mbíodh siad ar méisge acha agus annsin a bhíodh an greann ann.
    Ní dhéanaidís aon obair ar feadh na seachtmhaine ach ag pléadhráca.
    Bhíodh seacht saghas féola aca, muic-fhéoil, máirt-fhéoil, caora-fhéoil róstaí, turcaí géabha, éanlaithe agus cearca. Ba ghnáthach leo bó, caora agus muc a mharbú nó mar a mbíodh siad sin aca ní dhéiridís go mbíodh bainféis air bith acha.
    Cuirfidhe fíos ar céoltóirí go Gaillimh go mór mór ar Chuaille le Smut, Banks, agus Mc Donagh. Bhíodh cúpla píobaire acha le bheith ag céol ar feadh na seachtmhaine. Nuair a bhíodh an bainféis thart chodluigheadh gach duine a dhóthain.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge