Scoil: Cloigeann
- Suíomh:
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Fathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloigeann
- XML Leathanach 308
- XML “Seanscoileanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)protastúnaigh. Droch-dhaoine a bhí ionnta agus is minich a bhuail siad daoine a bhí ag dul ar Aifreann. Gach lá thug siad anbhruith do na daoine na h-áite seo. Bhí pota mór in san pháirc agus do bhíodh na daoine thart timcheall an phota sin agus spúnóga aca.
Bhí sgoil eile i Ros a' Dilisg acht ní raibh sé i bhfad ann. Ní raibh acht múinteór amháin ann agus do mharbhuigh duine darbh ainm Máirtín Ó h-Allmhúráin é. Bhí duine eile ina chomhnuidhe i Sellerna darbh ainm Sam Friar, bhí sé ag tabhairt an brócháin do na daoine agus bhí go leor talmhan aige. Bhí daoine eile ag múineadh i Cladach dubh darbh ainm Mac an Rí. Bhí siad ag múineadh i dteach nua a bhí ag Sean Mach an Rí caitoiliceach a bhí ina chomhnaidhe san áit sin. Bhí trioblóidh mór ag an sagairt a bhí san Pharáiste san am sin.
Lá amháin chuaidh sé go dtí an sgoil seo ag féachaint an raibh aon caitilicigh ann. Nuair a bhí sé san sgoil do bhuail na múinteóirí é. Fuair na comharsán fios ar an sgéal agus lá amhain rug na caitoilicigh ortha agus is beag nár mharbhuigh siad iad. Bhí go leor daoine a d'iompuigh leis na protastúnaigh le h-agaid airgidh. Bhí caitilichigh in Oileán Iomadh darbh ainm "Powell" agus do diompuidh siad, agus tá duine(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Stiophán Ó Tuathail
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Sailearna, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Brighidh Bean Ní Thuatail
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sailearna, Co. na Gaillimhe