Scoil: Cloigeann
- Suíomh:
- An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Fathaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cloigeann
- XML Leathanach 296
- XML “Cistí Óir i bhFolach”
- XML “Scéalta Greannmhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Ghlaoidh sí ar duine eile a bhí gar dí; nuair a tháinic an duine sin d'imthigh an ciste as radharc. Má bhí an t-ádh ar an duine sin gan bachaint leis an duine eile bhéadh sí saidhbhir go deo.
Seo an caoi is féidir le duine an ciste sin d'fháil. Má fheiceann sé é, is ceart dó rith chuigeagus seile a chaitheamh air. Tá cómhacht na sidheóg briste annsin agus ní fheicfidh aenne an ciste sin acht duine de shíolradh na ndaoine a chuir sa dtalamh é. Tá sé sa dtalamh go dtí an lá induí ag fanacht leis an duine a gheóbhas é, pé duine atá an t-ádh air. - Bhí fear ann fadó agus bhí sé ar buile le tinneas fiacal. Ní raibh fhios aige céard do b'fhearr dó a dhéanamh acht shíl sé nár b'fhéidir leis an pian d'fhulaing níos faide. Bhí na comhursain go cineálta leis, agus bhíodar ag teacht chuige go brónamhail, agus is iomdha leigheas a thug siad dhó, acht gan aon mhaith asta. Fá dheireadh thug bean aírighthe cómhairle dhó fá dhul chuig an ghabhainn óir. Bhí eólas ar tinneas fiacal ag gach aon ghabhainn.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Pádraic Ó Máille
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Clochán, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Mháille
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Clochán, Co. na Gaillimhe