Scoil: Leitir Mór
- Suíomh:
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Tomás Mac Confhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sgeal faoi Mac Sheáin an iasgaire.Bhí fear ann fado agus bhí aon mhach amhain aigh[e.] Sé an t-slighe bheatha a bhí aca ag iasgach' gus an méid a bhiod marbh aca sa trathnóná chaithfead sé dhíol le haghaidh shuipéir dhoibh féin. Bhí sé féin agus an mac lá amuigh ar an gcuan chonnaich siad long ag teacht go dtí iad agus stad sí amuich ar an gcuan agus tháinigh bean go dtí iad i mbád fada. "Bail ó Dia ort a Seáin déir sí" go mba hé dhuith adéir Seán. Ma leigan tú do mhach liom sa adubairt sí nil aon lá dhá dtiocfaidh tú annseo nac mbeidh do bhádh lán le h-iasg. Dubairt Seán nach leigfeadh sé leithe a mhach ar iasg na fairrghe. Rug sí féin ar an dorugha agus chomh luat agus a rugh locruigh sí an bádh le iasg dhó. Nuair a chonnaich seán an tiasg thugh sé toil ar an mac a leigint leithe. Dimtig siadh isteach sa soiteac. Se'n sort duine a bhí inntí bean a bhí faoí dhraoidheacht ag fatac agus ní raib aon fhaghail ar an oileán a rabadar na gcomhnuidhe go dtiocfad Mac Sheáin iasgaise [!] as Eirinn gus nuair a thiocfad bhí sí féin agus an t-oilean toighthe ó dhraoidheact go deo. Nuair a sroicheadhar an toileán thugh sí suas ag an teach é agus reidhtigh sí suas é le culaith bhreagh eadhaigh agus le cuile shórt eile dár teastui[gh] uaidh. Bí sé ag cur airgeadh abaile ag a mhuinntir nó gur chuir sé an oireadh abaile agus a rinne teach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Mícheál Seóighe
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Mícheál Báile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 45
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe