Scoil: Leamhchoill (uimhir rolla 10742)
- Suíomh:
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Domhnalláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leamhchoill
- XML Leathanach 246
- XML “Na Fataí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is iomdha cineál fátaí ann agus ní h-é an bhlas céadhna atá ar chineál ar bith acú. Tá ainm fá leith ag gach cineál acú mar "Hepecures" Fataí Dearg Bán nó Pinks, Banners agus Champions.
Fáta mór bog iseadh an Hepecure. Sé an fáta is lugha a cuirtear agus freisin an fata is lugha a baintear. Bíonn sé go deas le n-ithe i dtosach ach de réir mar theigheann sé i ndeirneanaigh sa blian bíonn sé ag éirígh níos buige.
Fáta tirim agus blas milis le n-ithe air iseadh an Pink má bhíonn an talamh feileamhnach dhó.
Fáta buidhe ar nós an Champion iseadh an Banner. Fáta mór bog iseadh é agus do bheithbhighe agus do mhuca is mó a chuirtear é
Sé an Champion an fáta is tirme ar fad acú agus freisin an fáta is milse le n-ithe é.
Fásann Hepecures, Fátaí Dearg Bán, Banners agus Champions san áit a bhfuil mise i mo chomhnuidhe.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Bháinn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Báinn
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Leamhchoill, Co. na Gaillimhe