Scoil: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Seanscéal
“An t-am a raibh Ár Slánuightheóir agus Naoimh Eoin ar an talamh chuaidh siad amach lá amháin ar siubhailóid síos bóthair uaigneach agus chas sean-fhear dóibh ar an mbóthair agus é ag fághail bháis.”
Fuaireas é seo uaidh:-Brighid Ní Concannon
Salathúna,
An Spidéal
An t-am a raibh Ár Slánuightheóir agus Naomh Éoin ar an talamh chuaidh siad amach lá amháin ar siubhailóid síos bóthair uaigneach agus chas sean-fhear dóibh ar an mbóthair agus é ag fághail bháis len an ocras.Dubhairt Naomh Sheán le n-Ár Slánuightheóir dearch a thabhairt dó ach dubhairt Íosa gan bachadh leis agus d'fhág siad annsin é. Annsin tháinich siad go dtí droichead agus bhí beirt fhear óg in a suidhe ar an droichead agus d'iarr siad dearc air ár Slánuightheóir agus thug Íosa dóibh é. Bhí fearg ar Sheán annsin agus dubhairt sé sé le Íosa "Thug tú dearch don na fir óga sin agus an t-sean-fhear eile sin d'fhág tú annsin é" "Tá croidhe maith ag na fir óga" arsa Íosa. Annsin thosuighedar(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Concannon
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Sáile Chuanna, Co. na Gaillimhe