Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 012
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Ins an am fadó bhí sípéara ina chomhnuidhe taobh shoir de Ghaillimh in aice le Béal Átha na Sluaigh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)na caoire, ná bhí siad ag dul indiu, agus chaith mé fanacht ann amáireach freisin go bfeicfidh mé cé an luach a bhíos ar na beithidhigh. Annsin thug an fear leis an sípéara go dtí teach ósta agus thug sé a dhóthain le n-ithe agus le n-ól dhó agus thug leis abhaile é lé bheith i n-aonfheacht leis ar maidin lá ar na mháireach leis na beithidhigh. Dhíoladar na beithidhigh go maith agus fuair an sípéara a dhóthain le n-ithe, agus le n-ól, mar a fuair sé an lá roimhe sin. Annsin bhí an sípéara ag imtheacht abhaile, agus níor stop sé nó gur bhain sé geala de'n fhear go dtiocfhadh sé ar cuairt chuige an domnach a bhí chugat. Annsin d'imthigh le gach duine aca abhaile an Domnach a bhí chugat. Tháinig an fear agus a mhac agus an cár aca, agus ba é an a chuaidh isteach sa teach i dtosach. Nuair a chuaidh sé isteach sí bean an t-sípéara a d'osgail an doras dhó. Nuair a chonnaic sé an bhean, thosuigh sé ag caoineadh. Cé'n fáth go bhfuil tú ag caoineadh adeir an t-athair, ó arsa an mac má tá sí beó sí Máire atá istigh sa teach. Dúin do bhéal adeir an athair, agus chuaidh an t-athair isteach i dtosach, agus chuaidh an mac isteach in-a dhiadh agus céard abhéadh, ach an t-athair agus Máire i ngreim in-a chéile agus sin é an chaoí a fuair fear Bhéal Atha na Sluagh amach cá raibh a inghean.- Sgéal.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Curraidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire Locháin Thiar, Co. na Gaillimhe