Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Suíomh:
- An Chreig Mhór, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Cathal Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Leathanach 298
- XML “Scéal”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tuairisc ní bhfuair sé féin nó a cuid páistí uirri ón lá sin amach.Máire Ní Uicín, Creag Carrach.
Creag Carrach. Aois 70 bl.
Pádraig Ó Comáin. - Bhí fear i n-Éireann fadó agus sé an t-ainm a bhí air ná Feasóg Gorm. Bhí ceithre bean déag pósta aige. Ach an lá seo chuaidh sé ar thuairisg bean eile agus tháinig sé go dtí bothán beag. Ní raibh istigh roime ach an t-athair agus a bheirt inghean agus bhí an mháthair caillte. Sé an tainm a bhí air na cailíní Maire agus Nóra. Dfiafruigh Feasóg Gorm dá n-athair a dtiubhradh sé ceann go na o-ingheanacha dhó le pósad. Dubhairt an tathair go bféadhfadh sé duine ar bith aca ba mhaith leis a phósadh. Dubhairt Nóra nach bpósadh sí féin é ach dubhairt Máire go bpósadh sí féin é. Pósadar annsin, bhí bainis seact n-oidhche agus seacht lá. Nuair a bhí an bainis thart dubhairt an fear go rachaidh sé ar cuairt chuig a muinntir. Dfág sé eochair le h-aghaidh gach seómra ag a bhean, ach eochair aon t-seómra amháin agus dubhairt sé leithí gan dul isteach san seómra sin cor ar bith nó dá rachaid go mbainfidhe sé féin an ceann dí nuair a tiocfhaidh sé. Dubhairt Máire nach rachaid(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Síghle Ní Choileáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Lisín an Bhealaigh, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Comán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- An Chreig Charrach, Co. na Gaillimhe