Scoil: Fearainn an Choirce (uimhir rolla 14532)
- Suíomh:
- Fearann an Choirce, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Maoldhomnaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ainmhidhthe na FeilmeSiad na h-ainmhidhthe feilme atá againn san mbaile bó, gamhain, gabhar, caora, capall agus asal.
Ní bhíonn aon bhó istigh sa Samhradh, acht bíonn corr-bhó istigh san oídhche san nGeimhreadh. 'Sé an t-ainm a bhíonn ar an teach a mbíonn an bhó ann stábla. Séard a deireann fear nuair a bhíonn bó agus gamhain dhá dtiomáint aige "Feoch! Feoch!" Sé an chaoi a nglaodhtar cum bídh Suc! Suc! Nuair a bhíonn an bhó blíghte ag na daoiníbh cuireann siad comhartha na croise ar thaobh deas na bó leis an mbainne. Nuair a blíghtear an bainne buidhe de'n bhó taréis an laoigh do bhreith tugtar roinnt de do'n bhó i-n-aghaidh an fhiabhrais. Tugann na daoine roinnt eile de'n bhainne sin do'n laogh. Taréis an laogh do bhreith creathann na daoine min-choirce timcheall ar an laogh. Sé an deoch a gheibheann an bhó min-choirce, agus salann, agus uisce the(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Chonghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochaill, Co. na Gaillimhe