Scoil: Naomh Seosamh, Gaillimh (uimhir rolla 13914)

Suíomh:
An Cheapach, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Tomás Mac an Ghoill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0084, Leathanach 016

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0084, Leathanach 016

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Naomh Seosamh, Gaillimh
  2. XML Leathanach 016
  3. XML “An Gréasaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Is tú plúr na bhfear in Éirinn
    Do Shamhail níor tháinic fós
    Is tú cara an té atá i ngéibheann
    Ceal mairig leitre is eolais.
    II
    Tá mo agathamh 'sa mbaile
    Aith is faillightheach ó mo mhuinntir sgríobhadh
    Aith is feárr an t-Éireannach 'chuile Shatharn
    Ná aon pháipéar dá bhfaca mise ariamh
    3.
    Mar tá seanchus sa leitir aniar
    Is biodán a thaitnigheas le mná
    D'fhágas tú an Cheathramhadh Ruadh thiar
    Go dtéighidh tú go Bóthar na Trágha
    4.
    Tá cur síos ann ar dhéantus an phoitín
    Ar an ngárda ag déanamh a dhithchill
    Le deis airgid a thabhairt dhon bhoicín
    Atá go cúramach i mbun an dlighe
    5.
    Tá mairig ar fhata ann nuair atá sé dhá bhaint
    An ceann fabhthach fada is an sgriocán
    Is 'chuile nidh gur fiú faoi chainnt
    Go dtí 'n céilire a bhí in Aill an Phréacháin
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó hÉithir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Bhuaile Bheag Thiar, Co. na Gaillimhe