Scoil: Baile Nua (C) (uimhir rolla 16803)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Bean Mhic Conchoille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)abaile é. Is gearr an mhoill ar Gholl Mhór an chéad chrann a bhaint. Tosuigheann Mac Rí Éireann a dhéanamh rópa féir agus leigeann sé air féin go bfhuil sé leis an gcoill ar fad a thabhairt leis. Cuireann Gholl Mhór impidhe air gan baca leis.
An chéad lá eile féachann Gholl Mhór plean eile leis - tá pota mór brucháin aige agus caithfidhe Mac Rí Éireann gach mug de, d'ól leis fhéin. Déanann Mac Rí Éireann mála de chroiceann caorach agus gleásann sé ar féin é, agus sgaoileann sé an bruchán síos ann. Ar ball leigeann sé ar fhéin go bhfuil an bruchán a goilleadh air. Tugann sé sáthadh do sgían do'n mhála agus sgaoileann sé an bruchán amach, a thabhairt fóirthint do fhéin mar dhóigh dhe. Ceapann Gholl Mhór go mba mhór a faoiseamh dó fhéin an cleas céadna a dhéanamh leis fhéin. Íarrann sé ar Mac Rí Éireann sáthadh de'n sgían a tabhairt dó agus is gearr an(leanann ar an chéad leathanach eile)