Scoil: Baile Nua (B) (uimhir rolla 9607)

Suíomh:
An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Peadar P. Mac Conchoille
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 023

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0082, Leathanach 023

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Nua (B)
  2. XML Leathanach 023
  3. XML “Seanscéal”
  4. XML “Seanscéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Núair a fúair Cathal Crúbh Dearg an bhúaidh ar na Normánaig ar Cnoc Rúadh dúbhairt sé go dtógadh sé Mainistir. Ní raibh fhios aige fá solus na gréine cé'n áit a dtóghadh sé é acht oichdhe amháin bhí brionglóid aige agus cheap sé gur chúala sé Dia gá rádh leis an Mhainistir a thógháil i bpairc na Láoigh.
    D imtigh sé leis ag siúbhal na bóithre ag lorg na h áite agus geobhadh sé lóistín na hoidhche in gach áit. Lean sé mar sin ar fead i bhfad go dtí go dtáinigh sé chuig an teach áirithe seo. Díarr sé lóistín na hóidhche agus fúair sé é. Bhí sé tamall maith istigh núair dúbhairt bean a tíghe leis an gcailín aimsire dul amach agus na ba a bléaghan nach raibh síad ro fhada uaithe go raibh síad i bpáirc na Láoigh. Annsin bhí fhios ag Cathal an áit chun an Mainistir a thógail. Thug sé buidheacas do Dia núair fúair sé é agus níorbh fhada in a dhíaidh sin gur cuireadh ar bun é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Bean Uí Dhubáin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Doirín, Co. na Gaillimhe
  2. Uáir amháin bhí fear as Conndae Muigheó ag obair i Shasana, le h aghaidh feiliméir mhór. Lá amháin bhí sé ag búaladh coirche agus rith a lán luchóg amach as an stáca. Mharbuig an fear na luchóg go léir acht loch amháin agus theip air é a mharbu
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.