Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)

Suíomh:
Eoghanacht, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Mícheál Ó Flannagáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 028

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0002, Leathanach 028

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Eoghanacht
  2. XML Leathanach 028
  3. XML “Gadracha Maoil”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    agus sin é a d'fhágfadh feadh go leith ann ar deireadh. Bhíod corr dhuine ag déanamh gad tuathbheal ag déanamh amach go mbeadh sé níos láidre. Déantai an gad tuaithbheal a chasadh deiseal ar dtús agus tuaithbheal annsin ar an gcéad casadh eile. Níorbhféidir gad maol a briseadh acht leisl sin féin deirtear go raibh duine i mBungabhla a bhris ceann uair amháin. Bhíodar ag leiting gadracha agus nuair bhí ceann nuadh déanta dubhairt duine éicint go mbadh mhaith an fear a bhrisfeadh é. Thriáill go leór aca é; s'en chaoi a dfhéachfaidís le na bhriseadh é cheangailt go trácht na coise agus é thabhairt aníos taobh thiar dá ndhruim agus thar an ghualainn agus tarraingt air annsin; rug an fear óg seo air -- de mhuinntear Dhioráin é -- agus an chéad iarraidh a thug sé dhó rinne sé smidiríní de. Ní raibh aon tús leis an spreacadh a bhí ann deir siad. Ní raibh sé mórán achair i ndiaidh an ama seo gur báitheadh an fear céadna, áit ar iompuigh an currach agus fuireann aca ag cur pilóitidhe ar bhord soithigh taobh thiar den oilean iartharach.
    Acht maidir leis an gad maol sheasfadh ceann aca cheithre bliadhna ar a laighead. Is rí chorr dhuine san áit seo a mbíonn siad aige anois. Tá rópaí cruadha teannaidhe le fagháil anois atá sáthach maith le h-aghaidh na h-oibre. Tá siad an-gharbh agus bíonn gréim mhaith aca i gcomnaidhe pér bith ramhallaigh a bhead
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Micheál Ó Flannagáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14
    Seoladh
    Creig an Chéirín, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Seáinín Taim Ó Direáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    66
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Iascaire (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Creig an Chéirín, Co. na Gaillimhe