School: Inis Oirthir (Inisheer) (roll number 13322)

Location:
Inis Oírr, Co. na Gaillimhe
Teacher:
M. Ó Giolláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 357

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 357

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Oirthir (Inisheer)
  2. XML Page 357
  3. XML “Iníon Rí faoi Thalamh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    chloisteáil sa domhan agus nuair a bhreathnuigheadar suas thugadar faoí deara gurb éan a bhí ag déanamh an ceóil bhreagh sin agus dubhairt an rí. "Trúbhraidh mé leath mo ríogacht le mo beó agus an ríogacht le mo bheó agus an ríogacht ar fad thar éis mo bháis don mhac a gheobhas an t-éan sin dom lean an triúir mac an t-éan tré sléibhte agus tré ghleánnta agus thris portacaibh agus trid coillte go dtáinig siad go crann mór ar bhárr sléibe agus bhí poll mór ag bun an chruinn agus dimithigh an t-éan síos san bpoll. Annsin chuir na fir óga na searbhfógantaí icgoinne cábla de théadh mór agus cliabhán agus chearrgluigheadar an cliabhán don téadh agus dubhairt. Neart "Gabfaid mise isteach san gcliabhán agus sgaol sibh-se síos mé agus mo fheicimh aon rud contrailte nó contabhairteach leigfhidh mé béic agus tarraingeadh sib aníos aris mé. Deanadh amhlaidh agus leigeadh síos an cliabhán agus Neart istigh ann agus nuair a bhí sé thíos chonnaic sé an fáthach mór. Fiadhain ag teacht chuige agus bior mór iarrain a deargadh le teine "na láimh aige agus é ag deanamh air. leig sé béic agus tarraingeadh aníos é. Annsin dubhairt Ceart go ngabhfadh sé féin síos san gcliabhán agus go leigfeadh sé béic dá bhfeiceadh sé aon rud
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0301: The Three Stolen Princesses
    AT0329: Hiding from the Devil
    Language
    Irish
    Collector
    Treasa Ní Ghiolláin
    Gender
    Female
    Informant
    Seosaimh Ó Fláithbheartaigh
    Gender
    Male