School: Inis Oirthir (Inisheer) (roll number 13322)

Location:
Inis Oírr, Co. Galway
Teacher:
M. Ó Giolláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 385

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 385

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Inis Oirthir (Inisheer)
  2. XML Page 385
  3. XML “An Mhaighdean Mhuire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí an Mhaighdean Mhuire agus Dia ag imtheacht lá agus chuaidh siad isteach i dteach a bhí ar thaobh an bhóthair agus bhí an cailín aimsire a bhí ins an dteach ag deanamh cáca agus d'iarr an Mhaighdean Mhuire píosa beag go'n taos a thabhairt di in onóir Dé. Dubhairt an cailín aimsire nach bhféadfadh sí é a thabhairt di mar nach raibh aicí ach an méid a bhí sí ag cur ins an gcáca. Dubhairt an Mhaighdean Mhuire léichí píosa beag a thabhairt dí féin. Thug an cailín aimsire píosa beag dí agus chuir an Mhaighdean Mhuire an píosa cáca ar an teine. Thosaigh an cáca ag méadú nó go raibh sé chomh mór le cáca ar bith. Ansin thosnaigh arbhur ag fás air. Tamall ina dhiaidh sin tháinig fear a' tighe isteach agus chonnaic sé an cáca a bhí ar an teine. D'iarr an fear ar an gcailín aimsire cé a chuir síos an cáca agus d'innis an cailín dó gurbh bean siubhail a tháinig isteach.
    "D'iarr sí déirce orm in onóir Dé agus thug me píosa beag cáca dí. Chuir sí ar an teine é agsu thosuigh sé ag méadú is ag méadú nó go raibh sé chomh mór le cáca ar bith. Annsin thosnuigh arbhur ag fás air. D'iarr an fear ar an gcailín aimsire an raibh an bhean i bhfad imithe agus dubhairt an cailín nach raibh.
    "Meas tú an dtiocfaidh mé suas léithi."
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. narratives (~478)
        1. religious tales (~1,085)
    Language
    Irish