Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)
- Suíomh:
- An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tulach
- XML Leathanach 0251
- XML “Ridire na gCleas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Fuair sé suipéar réidh dhóibh agus tar éis an tsuipéir dubhairt sé leó eirighe agus gaisghidheacht a dhéanamh. Anois bhí a mhac féin ann freisin agus bhí sé i ngar do bheith chomh maith le ceachtar aca.
"Níl sé chomh maith le mo chuid gaisghidheach fós acht leig liom-sa é," ars an ridire, "ar feadh lá agus bliadhain eile."
"Leighfead" ar seisean, "acht go dtiúbharfaidh tú ar ais chugam é i gcionn an lá agus bliadhain" Dubhairt sé go dtiúbharfadh.
D'imthigh leó ar maidin lá ar na bhárach agus d'fhanadar amuigh lá agus bliadhain eile.
Nuair abhí an t-am istigh chonaic an sean-fhear an cómhluadar ag teacht. Chuir sé fáilte rómpa.
Chaitheadar an suipéar agus tar éis an bhéile dubhairt sé le na chuid fear eirighe suas agus píosa gaisgidheacht a dhéanamh.
D'eirigh siad suas, trí fear déag, agus bé mac an fheilméara an fear ab'fhearr.
Ní raibh fear ar bith indon ceart a bhaint dhó acht Ridire na gcleas fhéin.
"Níl fear ar bith aca chomh-maith le mo mhac féin" adeir an sean-duine.
"Níl go deimhin" adeir an Ridire "acht mise agus má leigeann tú liom é lá agus bliadhain eile beidh sé 'na ghaisghidheach chomh maith liom féin."
"Maiseadh leigfead," ar an feilméar, "leigfidh mé leat é."
Anois níor iarr sé air an t-am seo é a thabhairt ar ais arís mar rinne sé an trí uair eile.
I gcionn lá agus bliadhain bhí an feilméar ag fanacht agus ag súil le na mhac acht níor tháinig an mac ná Ridire na gCleas.
Bhí an t-atair faoí imnidhe mhór nuair nach raibh a mhac ag teacht abhaile chuige.
"Pé áit de'n domhan a bhfuil sé caithfidh mé a fhágháil amach."
D'imthigh sé annsin agus bhí sé ag imtheacht gur chaith sé trí lá agus trí oidhche ag imtheacht.
Tháinig sé isteach annsin i dteach bréagh agus chonnaic sé trí fhear déag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mairghréad Ní Chualáin
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Nóra Ní Chualáin
- Gaol
- Seantuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 93
- Seoladh
- Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe