Scoil: An Tulach (uimhir rolla 13148)

Suíomh:
An Tulaigh, Co. na Gaillimhe
Múinteoirí:
Tadhg Ó Séaghdha Máire, Bean Uí Dhuigneáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0151

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0062, Leathanach 0151

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tulach
  2. XML Leathanach 0151
  3. XML “Daoine Cáiliúla agus Eachtraí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    san rón do thosuigh sé ag tarraingt agus thosuigh Pádhraig ag tarraingt freisin mar do cheap sé gur breac mór abhí ann Do bhí sé na choruidheacht eattora acht ba ghearr a thóig sé ar an rón é a tharraing le fánaidh go raibh sé tarraingthe píosa maith bealaigh aige. Annsin do chuir an rón a chloigeann aníos do sgannruigh Pádhraig agus ghearr sé an dorugha chomh tapaidh agus a b'fhéidir leis.
    Nuair a bhreathnuigh sé thairis do sgannruigh sé ní ba mhó nuair a chonnaic sé chomh fada ó bhaile is a bhí sé tarraingthe. Do chas sé an churrac chomh tapaidh is a bfhéidir leis agus ba ghearr a thóig sé ar a dul i dtír.
    Seo iad na spealadóirí is fearr thart san áit seo Peadairín Pheadair, Cloch Mhór; Máirtín Sheáin Thaidhg, Indreabhán; Maidhc Mhicil Bhacladh (Bheartla) as Caorán.
    Spealadóirí 'Siad na fir seo a bhíodh ag baint fhéir ag gach fear nach mbeadh i ndan é a bhaint lá amháin. Bhíodar ag baint fhéir ag fear a raibh go leór féir le baint aige.Do thosuigh siad ag déanamh gaisge ar maidin cé aca fear ba mhó a bhainfheadh féar agus cé aca ba mhó a mbeadh bainte aige tráthnóna. Do thosuigh gach duine aca i ngarraidhe dhó fhéin a bhí cothrom le chéile agus bhain siad féar freisin acht sa tráthnóna bhí a dhá oiread bainte ag Peadairín Pheadair le aon duine aca do bhain sé dhá acra talmhan go fhéar an lá sin.
    Amhránaidhe Sí Máire Ní Scannláin as Ros a'mhíl an bhean is
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Fhágharta
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Tomás Ó Fáthartaigh
    Gaol
    Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
    Inscne
    Fireann
    Aois
    22
    Seoladh
    Baile na hAbhann, Co. na Gaillimhe