Scoil: Cartúr Caol (Scoil Bhríde) (uimhir rolla 12945)
- Suíomh:
- An Cartúr Caol, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: T. Ó Cuinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ní raibh aon bhó ag aoinne anoir ó Abhainn Chruimlínn acht ag a gcuid searbhónta, ní raibh bainne ag na daoine aon ám acht braon a bhíodh aca san Earrach ó na caoirigh.
Duine ar bith nach dtiocfadh aca ag cartadh Poll an Mhianaigh, chaithidis an duine sin amach as a theach.
Sa deireadh bhíodh a bheag no a mhór de airgead le fághail ag daoine agus annsin bhíodh chuile dhuine ag iarraidh obair ann.
Beithidhigh, caiple, caoirigh no rud ar bith a cuirfidís dúl ann thiubhradh siad leó iad gan cead gan iarraidh.
Ní raibh faitcios ar na blácaigh roimh aoinne acht roimh Sgorach Glionnán a bhí 'na chomhnuidhe shuas ar an sliabh 'n-áit a bfuil tigh "Eoin" anois. Bhí an Sgorach seo chomh láidir le duine de na Fianna. Is minic a chuir sé ruaig ar na Blácaigh nuair a bheidis a iarraidh beithidhigh no caoirigh a chrochadh an bealaigh.- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Cúaláin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 56
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cor na Rón, Co. na Gaillimhe