Scoil: Cillíní Díoma (uimhir rolla 15071)
- Suíomh:
- Cillín a Díoma, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Uinsionn Ó Conáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cillíní Díoma
- XML Leathanach 0238
- XML “Bean an Dlí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar an taobh eile dó ach ba truime ise ná an tór. Nach mbainfeadh a leitheadh uchtach de dhuine ar bith? Bhainfeadh leóra de bhunadhas aca, ach ní chastar macsamhail Sheáin uirrí gach lá.
D'imthigh sé imbéal a chinn arís ag tabhairt a aghaidhe ar thoigh an fhir-ghaimbín. Níor Shlock a shloinneadh-sa, ach bhí sé comh-chrionna leis. Rinneadh margad eatorra, agus de réir an sgéil ba' é seo é:- "go ndíolfadh Seán na seacht bpuntaí óir bliadhan ó'n lá sin nó go gcaillfeadh sé seacht bpuntaí d'á chuid feóla as áit ar bith in a chorp ba mhian le fear a' ghaimbín." Dhéanfadh Seán dath ar bith ach an cailín deas a bheith aige. Dimthigh sé arais chuig an Dálach. Tomhasadh aríst i féin is an tór, agus an iarraidh seo bhí a shaith ag Seán.
Pósadh iad, agus mhair an bhainfeis naoi noidhche agus naoí lá, agus bfearr an oidhche deireanach ná an chéad cheann.
B'eigean do'n lanamhain a dhul as teach an Dálaigh, go mbeadh seans ag an inghean eile eile, [!] fear a fhághailt, lanamhain greannmair b'eadh iad gan teach, gan díon, gan pighinn.
"Caidé a dhéanfas mar (muid) anois," arsa fear. "Rachamar", arsa sise "chuig an bhfear a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Prionnsíos Ó Chonáin
- Inscne
- Fireann