Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove) (uimhir rolla 12138)

Suíomh:
Ceathrú na Lathaí, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Pádhraic Ó hAnnracháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0505

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0505

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceathrú na Laithighe (Brownsgrove)
  2. XML Leathanach 0505
  3. XML “An Reilig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl acht aon roilig sa pharraiste seo .i. Cortún atá cuid de pharraiste
    Thuma. Tugtar roilig Cortúin ar an roilig sin. Tá sí suidhte in aice
    an tseipéil atá suidhte ar bóthar atá tuairim is míle soir ón bóthar árd.
    Cuirtear daoine ins an roilig seo fós. Cuma an litir "l" atá uirthi. Tuairim na bliadhna 1904 ceannuigheadh acra talmhan ó Shéamús Ó Díscín ar seasca punt. Ó chuireadh an talamh sin leis tá an roilig ag dul le fáinne. Tá cúpla
    thor ag fás thar timcheall na roilige ach níl síad acht an bheag.
    Tá dhá thuma i gCortún, ceann acu a rinne Major Leonard tuairim is
    seasca bliadhain ó shoin tar éis báis a athar. Tá doras a dul isteach
    go dtí an tuaim sin ach chaithfeadh duine an cré do romharadh sul a
    bhféadfadh sé é a oscailt nó é a feiceál.
    Cuirtear páistí a bhfágann bás gan baiste i sean lios darbh ainm "Lios
    a gCrann" atá suidhte ar thalamh Uí Ceannaigh i Síleán. Tuairim is céad bliadhain ó shoin ní raibh aon séipéal i gCortún chor ar bith acht
    bhí scoil ann agus bhí sé tuairim is leath codh mór is ata an séipéal
    anois. Fear darbh ainm Padhraic Ó Concubhar a bhi ag múnadh ann. An tam sin theigheadh muinntir na h-aite seo go dtí
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó Maoldhómnaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceathrú an tSeanleasa, Co. na Gaillimhe