Scoil: Tobar Ruadh

Suíomh:
An Tobar Rua, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Cinnéide
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0164

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0040, Leathanach 0164

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tobar Ruadh
  2. XML Leathanach 0164
  3. XML “Ráthanna agus Liosanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá páirceanna suidhte inaice na h-áite seo agus tugtar rathanna agus liosanna orra. Tá páirc suithte i gCluain-Bárr, Cill-Chonnla, Tuaim. Timcheall le leath mhíle ó mo theach agus tugann na daoine an lios air. Tá go leór crainnte ag fás ins an bpáirce sin freisin agus níl aon teach níos goire na leath mhíle don pháirc.
    Tá sgéal fé an lios seo. Fadó bhí clochar suidhte ins an áit sin agus bhí go leór mná riaghalta in a gcómhnaithe ionnta. Tar éis tamaill d'fhag síad an áit agus thuit ballaí an clochair. Cheap na daoine go raibh sidheóga ins an áit in a dhiadh sin agus bhí faitchios orra dul thar an lios sin ins an oidhche mar bhíodh lasracha agus rudaí ionghantacha le feiceál ann go mór mór ar a h-aon dhéag is a dó dhéag a chlog san oiche. Tá reilg ins an áit sin anoisagus cuireann na daoine páistí nár báistean ann mar cheapann síad gur áit dheas é le h-aghait reilg mar gheall ar an gclochar a bhí suithte ann fadó.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. áiteanna osnádúrtha agus spioradálta (~158)
        1. ráthanna (~5,616)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chómair
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Barr, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Pádhraic Ó Muinneachán
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Cluain Barr, Co. na Gaillimhe