Scoil: Scoil Níoclás (Cailíní) (uimhir rolla 4502)
- Suíomh:
- An Cladach, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín Bean Uí Mhoráin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Níoclás (Cailíní)
- XML Leathanach 0167
- XML “Béaloideas”
- XML “Béaloideas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an gCladach fadó bhí ríogh agus bainríoghan in a gchómhnaidhe. Chuala mé sean-bhean ag cainnt lá amháin go raibh ór le fághail ins an gCladach agus sé an áit a bhfuil sé le fághail ná - i gCeann Láimhrighe. Nuair a bhí Cromail ag teacht isteach ar an tráigh cuir na daoine an t-ór in an áit sin. Shiolruith muinntir an Chladaigh ó na Spáinnigh agus mar gheall ar sin bíonn fáinne speisialta acú agus sé an t-ainm atá ar an bfáinne sin "Croidhe agus Lámh". Tá dealbh ins an Teampall Naomh Muire agus chuir na daoine an dealbh sin fresin ins an talam nuiar a bhí Cromail ag teacht isteach.
- Bailitheoir
- Máire Ní Iarnain
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Stiopan Ó Siúrtáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Cladach, Co. na Gaillimhe
- 2
Ins an t-sean aimsear bhí longbhriseadh i gCuan na Gaillimhe. Sé an t-ainm a bhí ar an long seo a Mich Margericht bhí go leór cloch taobh de'n cuan agus chuaidh an bád suas ar na clocháin. Dubhairt muinntir na(leanann ar an chéad leathanach eile)