Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- Suíomh:
- An Cheathrú Bheag Thuaidh, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Máire Ní Loideáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Bhríge Naofa i gCor an Dola (An Cheathrú Bheag)
- XML Leathanach 0360
- XML “An Chaoi a Rinneadh Páideogaí Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ins an tsean -aimsear bhíodh daoine ag deanamh rudaí ar a dtugaidís páideógaí orta. Ar dtúis gheobhadh siad slaimín barraighe agus dhéanadh siad róipín caol dhe agus chuireadh siad casadh air. Nuair a bhéadh sé timcheall slat ar fhaidh acú dhubladh siad é. Deanadh síad trí nó cúig aca sin. Annsin gheobhadh siad rud ar a dtugadh siad slige air. Leaghadh siad an slige sios in aice na teine, agus chuireadh siad rúinne geir sios ann.
Nuair a bheadh an geir leaghte acú thairneóchadh siad suas o'n teine é. Gheobhadh siad an páideóg annsin agus bhéadh siad ghá tharraingt siar is aniar go mbeadh an geir greamuighthe dhó. Thógadh siad anuas é sin agus chuireach siad síos ceann eile. Dhéanadh siad ceathar nó cúig acu sin sul ná stopadh siad. Nuair a bheadh an gheir caithte acu chuireach síad cropán eile síos ann. Nuair a bheadh sé sin leaghte acú thomadh siad na paideogaí ar ais arís ann agus bhéadh siad chomh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghid Ní Conríogh
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Seán de Búrca
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Áth an Chloigín, Co. na Gaillimhe