Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí sé in-a aigne ag Rí Séamus "plean" eicínt a deanamh le Árd Easbog Canterbury a mharbhú agus níor mhaith leis an Rí go mbeadh aon cumacht ag an Easbog ar chor a' bith. Chuir an Rí leitir ag an t-Easbog annsin agus chuireadh a bhí sa leitir do'n t-Easbog teacht chuig an Rí chun féasta a chaiteamh.
Bhí fhios an t-Easbog nach ar maithe leis a bhí an Rí ach mar sin féin dúbhairt sé go ngleasadh sé é féin agus go dtiocfadh sé chom fada leis an Rí. Bhí leath-amadán go driatáir ag an Easbog agus nuair a bhí an t-Easbog ag imteacht dubhairt sé leis an leath amadán go raibh sé ag ceapadh go marbhóchadh an Rí é. Agus d'fág sé a cuid airgeadh ag na leath amadán.
"Céard tá tú a rádh!" adeir an leath amadán, coinigh do cuid airgeadh agus suidh síos noiméad go n-innsigh mé duit."(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Padraig Ó Coincheanainn
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Micheál O Coincheanainn
- Inscne
- Fireann