Scoil: Anach Cuain
- Suíomh:
- Eanach Dhúin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: R. S. Ó Conaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá clocaí eile i mBárana freisin. Deirtear go bfuil duine curta faoi acht níl fios cé hé an duine sin mar níl aon sgriobh ar an cloc. Bíonn na sean daoine a rádh go bfuil go leor síoga a tabhairt aire dó agus go bfuil pota óir faoí. Tuairim is sgór bliadhain ó shoin cuaidh an sagart ar thóir an pota óir acht bhí faithcios ar an cloch a briseadh. Bhí sé a baint cré as na taobna dén cloc agus deirtear go bfúair sé caipín iaraninn acht go raibh sé briste agus cúpla rud eile déanta de iarainn freisin. Is feidir a rádh gur 'bé an tam a raibh an troidh i gCnoc na dTúaigh a gortuigheadh é agus fúair sé bás tamall gearr in a dhiaidh sin. Núair a bhí sé a fáil báis dúbhairt sé leis na daoine an méid airgead a bhí aige a chuir sa talamh leis. Tá an cloch ann fós agus deirtear go bfeiceann daoine go leór síoga ó am go ham. Rinne sé an poll a cuireadh ann é agus tá na daoine a rádh gur chuir sé pota óir sa bpoll núair a bhí sé dhá dhéanamh.(leanann ar an chéad leathanach eile)