School: Cathair Loisgreáin (C)

Location:
Cathair Loistreáin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Máire Nic Aodha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0569

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0022, Page 0569

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cathair Loisgreáin (C)
  2. XML Page 0569
  3. XML “Scéal - Páidín Ó Ceallaigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    abhaile, chuaidh bhean agus muinntir abhaile dhá thoireacht. Fríth Páidin agus a chapall báidhte i bpoll móna. Thóg síad abhaile é, agus bhí socraid maith aige, agus núair a bhí sé trí bliadhna curtha, bhí a bhean ag déanamh go maith, agus bhí búachaill an tsagairt ag déanamh súas leí. Bhí trí cinn mucaí aige. Bhí an sagart ag tóireacht ceann acú, agus bheadh an cleamhnas déanta idir é héin agus a bhúachaill. Bhí sé ag íarraidh an muc a thabhairt leo san oidhche, núair nac feicfeadh duine ar bith íad.
    Trathnóna De Satharn, tháinig Páidín abhaile. Shíl sé nach raibh sé seachtmhain imthighthe. Bhúail sé an doras, agus bhí an bhean ag rádh a paidrín. Dubhairt Páidín leí an doras a fhosgailt, agus is beag nár thuit an bhean marbh lé faitchíos. Dubhairt sí leis imteacht, nach é a bhí ann chor ar bith. Dubhairt Páidín gurb é, agus gan déanamh amadán duithe fhéin má bhí sé. Mhúch an bhean an solus, agus b'éigin do Páidín a dhul í bhfuil na mucaí go maidin.
    Is gearr go raibh sé ann núair a tháinig búachaill an tsagairt i gcoinne ceann de na muice. Núair a d'fhosgail sé an doras, rug sé ar ceann de na mucaí lé rópaí a chuir ar a chos. "Ar thug tú leat í?" ars an sagart. "Ar thug tusa leat í?" ars an buachaill. "Ara dún do bhéal," ars an sagart níl rud ar bith ann." D'imthigh an bheirt, agus chuaidh an sagart go dtí an doras, ach amach lé Páidín, agus is beag nár
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Duibhgiolla
    Gender
    Female
    Informant
    Pádraig Ó hUigín
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Cill Mhothlan, Co. na Gaillimhe