Scoil: An Árd Leathan (uimhir rolla 7680)
- Suíomh:
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Ailin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)dul in éadan na gcnoc suas no gur bhainmuid an Scealp amach. B'é sgáth na gcrann an furtacht ba mhó dúinn ar an bhealach gidh go rabh na casógaí agus na bónaí bainte dínn is iad ceangailte ar na lámhchranna againn. Bíonn draoidheacht ag bainnt leis an fhairrge agus an fiadhantas aillteach agus carraig a bhíos faoi thuargain na dtonn de shíor ar an tráigh acht tá a mhála de draoidheacht ins na gleanntaí ciuin eadar na cnuc astoigh. Seasann na sléibhte 's na mullacha 's na crainn comh ciuin tostach sin gur dóigh leat iad bheith a brionglóidighe no in a suan ag crónán na mbeach thart timhcheall agus na toighthe beaga thí ins an log cheapfá gur do na sídheogaí thógadh iad tá siad chómh sgartha sin amach ón t-saoghal mhór(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- P. Mac Ailín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)