Scoil: Boltifree (uimhir rolla 9764)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Boltifree
- XML Leathanach 191
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhuidhe le chéile béidh deireadh an t-saoghail ann
Frg. An ghrian agus an ghealach
Caidé is gáiste ná an féar ag fás?
Frg. An bás.
Molt mór teann astoigh idir dhá ghleann, nuair a bhogfhás an molt mór teann bogfaidh an dá ghleann
Frg. Asal agus dhá chliabh air.
Caidé a chodluigheann agus a cheann in a shúl?
Frg. Bó agus a ceann i mbuarach
Cia mhéad tobán uisge a líonadh loch?
Frg. Ceann amháin dá mbéadh sé mór go leór.
Caidé a théigheann thart fá’n teach agus a chodluigheann ag an doras?
Frg. Balla.
Caidé an chead pháirt de’n bhó a thig abhaile Ó’n aonach.
Frg. A búirfeá
Teachtaire ó theach go teach agus bíonn sé amuigh ‘san oidhche.
Frg. Cásán
Caidé is fuaire amuigh lá Samhraidh?
Frg. Gaothshán an mhadaidh
An cia a ghnídheann é ní chaithfeánn sé é agus an cia nach ndéanann é caithfeann sé é.
Frg. Comhra- Bailitheoir
- Áine Nic na Mídhe
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 15
- Seoladh
- An Ailt Leathan, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Éamonn Ua hEichthighirn
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 20
- Seoladh
- Ard Bata, Co. Dhún na nGall