Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O. (uimhir rolla n/a)

Suíomh:
Ros Goill, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
T. Mc Ginley
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 261

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1080, Leathanach 261

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rosguill & Doe Branch I.N.T.O.
  2. XML Leathanach 261
  3. XML “An Gearrán Bán agus an Rí Breac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    sé leis í go dtí an Bheinn Bhuidhe. agus d’iarr sé uirthí na seomraí a sguabhadh agus an bhí a bhlighe acht gan baint leis an t-seomra amháin agus gan braon beug bainne a thabhairt do chat no do choilean go dtiocfadh seisean arais, agus d’imthigh sé féin.
    Rinne an cailín gach rud mar a h-iarradh uirthí, agus nuair a bhí sin deanta aicí. D’fhosgail sí an seomra, agus chonnaic sí a beirt deirbhshiuir agus chuaidh sí ar a glúnaibh agus dubhairt sí a h-urnaighe. Nuair a d’éirigh sí bhí fuil ar a glúinaibh agus dubhairt an cat agus an cailean da dtabharfadh sí pláta bainne do gach ceann aca go lighfeadh siad an fhuil de n-a glánaibh.
    Thug sí an bainne [darbhtha]? agus ligh siad an fhuil se n a glunaibh. Annsin chuir sí uirthí a bróga agus thoisigh sí a shníomh ar an túirne. Thainig an gearran bán arais, agus d’fhiafruigh sé dithe cad chuige a rabh a cuid bróg uirthí agus dubhairt sí. “A! [iultheach]? beag fuaicht a thainig isteach ar an doras agus chuir mé orm mo bhróga agus thoisigh mé a shníomh ar mo thúirne le mé féin a chongbhail té”. Caich díot do bróga” arsa an gearran bán “go bhfeicfidh mé caidé atá ort”. Chaith sí díthe a bróga, acht ní rabh a dhach fola ar a glúnaibh. “Sníomh leac” arsa an gearran bán go ndeanfaidh tú greasan maith snaithe agus bhearfaidh muid é amach go baile an tSléibhe chuig an Fhigheadóir le plainncead a fhaghail deanta de.
    Shníomh sí léithe agus ba ghoirid go rabh go leor sníomhtha aice. D’iarr an gearran bán uirthí an snath a chur ar a dhruim-san agus í féin a ghabhail a mharcaidheacht air. Rinne an cailin seo agus nuair a bhí siad
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Seán Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dumhaigh, Co. Dhún na nGall