Scoil: Gortnabrade (uimhir rolla 15706)
- Suíomh:
- Gort na Brád, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Tadhg Mac Pháidín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gortnabrade
- XML Leathanach 377
- XML “Comharthaí na hAimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá chuid mhór daoine go speisealta sa tír ábalta déanamh amach caidé cineál aimsire atá ag teacht no cia h-uair atá áthrú na caothla ag teacht. Má bhionn an ghrian a sóillsiúghach ró-gheal ar maidin na dul i luighe báidhteach tá sé na chomhartha go bhfuil fhearthainn deas dúinn. Má bhionn fáinne ar an ghréin no ar an gheallaigh tá storm ag teacht agus má bhíonn an fáinne amach giota mhaith. Níl an storm ibhfad ar shiubhal. Deir daoine go dtigeann árthú leis an gheallaigh úir no le iomlán geallaighe. Má thig taobh cheatha ar maidin sin droch aimsir. Taobh cheatha tráthnóna le aimsir mhaith.
Thig fearthain i gcomhnuidhe leis an ghaoth aniar; fuacht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Enrí Ó Coiléan
- Inscne
- Fireann