Scoil: Ceann an Largaigh (uimhir rolla 14887)

Suíomh:
Cionn na Leargaí, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Eithne Ní Ghiolla Séanaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1079, Leathanach 253

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1079, Leathanach 253

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ceann an Largaigh
  2. XML Leathanach 253
  3. XML “Reilig Mhíobhaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ba teach pobal a bhí ins na áit a bhfuil an Roilig anois, seo an dóigh ar thóg na Mánaigh an áit 'na gcuirfeadh siad suas é. Chuir siad an t-ualach trom iarrainn ar asal agus nuair a thuitfeadh an t-asal gan éirighe níos mo dubhairt siad gur annsin a dhéanfadh siad an teach -pobal.
    Thuit an t-asal an chéad ag an Maol-ruaidh agus cuireadh cloch na seasamh annsin. Thuit sé an dara h-uair ag Cluan-tSealach agus cuireadh suas cros annsin atá le feiceál go fóill. An tríomhadh h-uair a thuit sé níor éirigh sé níos mó agus is é annseo a rinneadh an teach-phobail shíos a Chois na farraige.
    Bhí clog ar an teach
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
          1. reiligí (~2,501)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Róise Ní Bhuadhaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cionn na Leargaí, Co. Dhún na nGall
    Faisnéiseoir
    Pádraig Ó Buadhaigh
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cionn na Leargaí, Co. Dhún na nGall