Scoil: Mín na Croise

Suíomh:
Mín na Croise, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Máire C. Ní Choileáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 263

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1046, Leathanach 263

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín na Croise
  2. XML Leathanach 263
  3. XML “Seanfhocail”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. B'feárr liom fuigheal an mhadaidh no fuigheal magaidh
    An té bhuailtear sa' cheann, bíonn an eagla air
    Briseann an dúthchas fríd súlaibh a chait
    Na bí i dtoiseach i gcurrach no ar deireadh i gcoill.
    Is furas suinne? le taobh na mine
    Is doiligh imirt ar a' chlár fhollamh
    Is fada anonn an rud na gcuireann Dia anall
    Níl olc i dtír nach feárrda d'eiginteacht
    Siad na ballaí fuara a ghnídheas bean toighe suarach
    Cam, díreach an ród, sén bealach mór an aithghiorra
    Is teann a coileach ar a cárn-aolaigh fein
    Is teann an madadh ag na dhoras fein
    Na bí foshtannach i dteach óil
    Gach uile dhuine tarraingt uisge na mhuileann fhéin
    Sionnach i gcraiceann na caorach
    Níor buaileadh an foighde ariamh
    Ma phósann tú beann-talaimh, béidh tú gcómhnuidhe folamh
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. seanfhocail (~4,377)
    Teanga
    Gaeilge