Scoil: Cnoc na Naomh
- Suíomh:
- Cnoc na Naomh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Mac Cnáimhsighe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc na Naomh
- XML Leathanach 075
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí bean ann am amháin agus chá rabh aice acht mac amháin agus bhí sé ag éirighe aosta. Bhí sé ag gabhail a phosadh agus ní rabh airgead ar bith aige.”
Bhí bean ann am amháin agus cha rabh aici acht mac amháin agus bhí sé ag éirighe aosta. Bhí sé ag gabhail a phosadh agus ní rabh airgead ar bith aige. Oidhche amháin bhí an bheirt aca na suidhe ag an teinidh ag cómhrádh. D'iarr an bhean ar a mac an bhó a bhí amuigh sa bhoitheach a thabhairt leis 'un aonaigh agus go bhfuighedh sé lán a chráig uirthi. D'imthigh an mac leis 'un aonaigh leis an bhó.agus nuair a bhí sé giota fada ar shiubhail casadh fear air agus chuir an fear ceist air cá mhéad a bhí sé ag iarraidh ar an bhó.. Dubhairt sé gur lán a chráig a bhí sé ag iarraidh uirthi.
Dubhairt an fear leis go d'tabharfadh sé deich bpunta uirthi. Bhal arsa an fear a bhí ag díol na bó d'iarr mo mháthair orm lán mo chráig a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Séamus Mac Eachmharcaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Glaise Chú, Co. Dhún na nGall
- Faisnéiseoir
- Tomás Mac Eachmharcaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 62
- Seoladh
- Glaise Chú, Co. Dhún na nGall