Scoil: Mín an Chladaigh (uimhir rolla 5046)

Suíomh:
Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Seán Mac Fhionnaile
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 174

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1068, Leathanach 174

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mín an Chladaigh
  2. XML Leathanach 174
  3. XML “Amadán an Taois”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ar shiubhal in a gcuideachta.
    “Ná bíodh sin le ráidh arís agat” ars' an t-amadán. “Déan suas measgán taos damh.” Chuir sé air a chuid eadaigh agus airm agus chuaidh sé na bhealaigh. Bhí na dearbhrathaireacha giota maith ar shiubhal san am seó. Rinne an t-amadán cnoc a léimneadh, mullaigh a' thúslóghadh, bheirfheadh sé ar an ghaoith Mhárta abhí roimhe, agus ní bheirfheadh an ghaoth Mhárta abhí inadhiadh air.
    Indhiaidh an mheadhon lae chonnaic sé amharc ar na triúir dearbhrathaireacha roimhe, agus char mhait a chonnaic seisean iad-san nó chonnaic siad-san é. Stad siad, chuir siad isteach igcoillidh abhí le na dtaobh, thoisigh siad a'dheánamh gadracha.
    Tháinig an t-amadán go dtí an áit chéadhna agus thoisigh sé a dheánamh gadracha fósta. “Goidé an feidhm atá agat-sa ar na gadracha?” arsa an fear a ba sin do na dearbhrathaireacha. “Goidéin feidhm atá agaibh féin ortha?” arsa an t-amadán. “Fa choinne thusa a cheangailt” arsa an fear aba sine. “Bhí súil agam-sa sibh-se bhur dtriúir a cheangailt”, arsa an t-amadán. “Stad”, a dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Dubhgáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    72
    Seoladh
    Mín an Chladaigh, Co. Dhún na nGall