Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 95

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 95

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 95
  3. XML “Iascaire na hÉireann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    thall agus i bhfus ar na colamáin agus aithneochaidh tú mé."
    Chaith an maighistir an coirce chuca agus rinn sé na colamáin de na gasraí. Thoisigh mac an iascaire a bhualadh buille thall agus i bhfus ar na colamáin. Phioc an t-iascaire amach a mhac féin. Dubhairt sé leis an iascaire go rabh fáisiún aige a bheith ag bualadh na bpaistí fá'n bhaile.
    Annsin fuair sé a mhac agus d'imthigh siad leo ag taraingt ar an bhaile. Dubhairt an gasúr go rabh troid coileach in a leithéid seo a bhaile agus go ndéanfadh seisean coileach do féin agus go mbainfeadh sé an troid. D'imthigh siad ag an troid. Rinn an gasúr coileach de féin agus bhain sé an troid. Rinn an gasúr coileach de féin agus bhain sé an troid. Rinn an gasúr coileach de féin agus bhain sí an troid. Tháinic maighistir an ghasúra thart agus cheannaigh sé é ach níor leig an t-athair an rópa a bhí air leis. Fuair an t-athair míla punnta air agus ní rabh sé i bhfad na sheasamh go dtáinic an gasúr fhad leis.
    D'imthigh an bheirt acu ag tarraingt ar an bhaile nuair a smaoitigh an gasúr ar rásaí capall a bhí ar an bhaile ba deise dóbhtha. Dubhairt seisean go ndéanfadh sé capall de féin agus go mbainfeadh sé an rása. D'imthigh siad ag na rásaí, rinn an gasúr capall de féin agus bhain sé an rása. Thainic an maighistir thart agus cheannuigh sé é ar mhíle punnta ach ní leigfeadh an t-athair an rópa leis. Ní rabh sé i bhfad ar an téad sin go dtainic an gasúr chuige.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Proinnsias Mac Pháidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    41
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall