Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 61
- XML “Mac an Iascaire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)buatais duit agus cuir ort iad" arsa fear an toighe agus bheirfidh siad go dtí teach mo dhearbhrathara tú, nuair a bhéad tú ag an doras, tionntuigh iad agus tiocfaidh siad chugam-sa arís". "Maith go leor" arsa an buachaill agus d'imthigh sé.
Lean sé do na buataisí go dtug siad go dtí teach eile é. Annsin thionntuigh séiad agus thainic siad arais. Chuaidh sé isteacht agus chuir ceist ar fhear an toighe an rabh an bhean ghlas annseo. Dubhairt sisean nach rabh. "Cá rabh tú aréir?" ar seisean "Bhí mé ag do dhearbhrathair" arsa an buachaill "agus thug sé buataisí damh a thug annseo mé". "Dá mbeithfeá annseo aréir" ar seiseann "bhí sí annseo". "Ach" ar seisean, "stad mara ná mór comhnnuidhe a deán ach bain caisleán an fhathaigh amach roimh an oidhche agus seo dhuit péire buataisí agus thionntuigh iad nuair a bhéad tú ag an doras". "Maith go leor" arsa mac an iascaire agus d'imthigh sé.
Bhain sé an caisleán amach roimh an oidhche/ Chuaidh sé go dtí an doras agus d'iarr foscladh agus cé d'fhoscail an doras dó ach an bhean ghlas. Chuir sí céad míle fáilte roimhe agus ar sise "tá mise annseo faoi gheasaibh ag fathach. CAithfidh mé bheith annseo go matbhuigh duine éinteacht an fathach. Tá sé anuas ar dhuine ar bith a bheith fá'n chaisleán ach dhéanfaidh mé daol duit agus thig leat fanacht sa chlúdaigh fhad is bhéas sé istigh." "Maith go leor" arsa an buachaill. Chuaidh an bhean ghlas amach agus spréidh sí...(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Micí Mac Pháidín
- Ainmneacha eile
- Micí Mac Pháidín
- Micí (Paidí) Mac Pháidín (ainm áitiúil)
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall