Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 31
- XML “Teann, Teann a Ribe”
- XML “An Gasúr agus an Sagart”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
- Bhí bean agus fear ann uair amháin agus bhí gasúr acu. Albanaigh a bhí ionnta. Domhnach amháin chonnaic an gasúr scaifte gasúr ag gabhail 'un aifrinn agus lean sé iad. Nuair a chuaidh siad isteach bhí an sagart ag seanmóireacht agus dubhairt sé duine ar bith a rachadh 'un aifrinn go rabh casán aimhréidhteach na bhflaithis aige ach duine ar bith nach rachadh 'un aifrinn go rabh casán réidhtigh go h-Ifrionn aige. D'imthigh an gasúr leis annsin. Casadh tobar do agus léim sé isteach ann. Casadh tom aitinne do agus léim sé isteach annsin fosta. Shíl sé go rabh sé ag gabhail na bhflaithis. Sa deireadh chonnaic sé solas i bhfad uaidh. Tharraing sé air comh tiugh géar gasta dó thiocfadh leis. Bhuail sé ar an doras agus thainic bean seirbhise amach. D'fhiafruigh sí de cá rabh sé ag gabhail. Dbhairt an gasúr go rabh sé ag gabhail na bhfalithis. "Cóirigh..."(leanann ar an chéad leathanach eile)