Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)
- Suíomh:
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig Ó Baoighill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Rann na Feirsde
- XML Leathanach 166
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)43. Goidé atá ag siubhal i gcomhnuidhe agus a cheann faoi?
Freagra: Tairgne bróige44. Caidé atá na daoine uilig a dhéanamh ar an bhomaite chéadna?
Freagra: Ag éirighe aosta45. Caidé a théidheas thart ar an teach agus cleith fhóirste in a dhiadh?
Freagra: Cearc agus éilín46. Teidheann sí thart ar an teach achan lá agus codlann sí sa chlúdaigh?
Freagra: Scuab47. Cé an beathach is mó a bhaineas greim as an ghárraidh?
Freagra: Speal48. Chuaidh dubh agus bána suas an cnoc. Tháinic dubh anuas agus d'fhán bán thuas.
Freagra: Ubh49. Faghann cos ag siubhail rud nach bhfaghann cos na codladh.
Freagra: Dealg50. Déagaibh, déagaibh, dhá chéad déagaibh. Nead fá na bhun agus nead fá na bhárr. Gan éan beag annsin ach an éan beag amháin.
Freagra: Sagart ag léigheadh Aifrinn51. Caidé na ceithre máithe is eadtroma le h-iomchar?
Freagra: Ní tromaide do loch lach(leanann ar an chéad leathanach eile)