Scoil: Rann na Feirsde (uimhir rolla 15927)

Suíomh:
Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall
Múinteoir:
Pádraig Ó Baoighill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 124

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1065, Leathanach 124

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Rann na Feirsde
  2. XML Leathanach 124
  3. XML “An Droch-Leasmháthair”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    gur stróc sí í. Chuir sé ceist uirthi caidé dhéanfadh sé annsin. Dubhairt sí go rabh trí chrois-bhealach thuas annsin agus d'iarr sí air suidhe ag an chead cheann. Nuair a thiocfadh carr an ríogh thart dubhairt sí go gcuirfeadh an rí ceist air caidé a sheol an bealach sin é agus eisean a rádh gur "seachran an tsaoghail".
    D'imthigh an gasúr go dtí an crois-bhealach agus shuidh sé ar an chead cheann acu. Nuair a thainic carr an ríogh thart chuir an rí ceist air cá rabh sé ag gabhail ná caidé bhí sé a dhéanamh na shuidhe annsin. Dubhairt an gasúr gur "seachran an tsaoghail." D'iarr an rí air a ghabhail suas ar an charr ag na thaoibh. Chuaidh agus d'imthigh siad leo go dtí caisleán an ríogh. Ní rabh ag an rígh seo ach gasúr amháin. Bhí an gasúr a bhí leis ar an charr iongantach cosamhail le na ghasúr féin. Shíl an rí agus rith an ama gur a mhac fhéin a bhí leis go dtí go bhfacaidh sé a mach féin ag teacht ina airicís. Agus b'éigin dó gáire a dheanamh.
    Bhí an bheirt ghasúr aige annsin ar fad. Thainic an t-am a rabh mac an ríogh ag gabháil a iarraidh ingean ríogh le pósadh, Bhí an bheirt ghasúr na mbuachaillí anois agus bhí siad comh cosamhail le chéile le dhá scadan. Ní rabh scaradh le déanadh ortha bhí siad comh mhaith sin do chéile.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0930: The Prophecy
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Maighread Ní Ruaidrigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    37
    Seoladh
    Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall