Scoil: An Clochán Liath (Dungloe) (uimhir rolla 15243)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Doiminic Ó Ceallaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
- XML Leathanach 50
- XML “Mar a Tháinig na Dreamanna chun an Cheantair seo”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ina chomhnuidhe i gCró-Pádraig fad o shoin, darbh ainm Seán Ó Caslaigh, ní raibh aige acht a bhean agus a nighean. Oidhche amáin i lár an gheimhridhe tháinig na trí buachaillí seo isteach aca agus iad choir a bheith siocfaidh leis an ocras. Ní rabh biadh ar bith ag Seán, ach mar sin fhein marbh sé caora daobhthe. Choinnigh sé iad go maidín agus nuair a bhí siad ag imteacht chuir Seán cheist aran Dúirnín an bfanochadh se aige, agus go dtabhairfadh sé iomlán a chuid maoine do. Acht bhí lán scála d’ór aige agus ní thabhairfeadh sé sin do, chuir se i bfolach i mbun binne agus chuir scraith-glas ar a mhullach. Acht chonnaic an Duirnín é, deánamh seo agus cupla lá na dhiaidh sin bhí se gabhail go Bealach-Feidh le fircín ime, chuaidh sé fhad leis an bhinn tóg an scraith agus fuair an t-ór, ní thug sé leis acht dá ghiní dó agus chuir an scraith ina áit arís. Ní rabh leigheadh ar bith ag an t-seanduine acht cruithnuigh sé an dá giní.
D’athruigh sé an t-ór go dtí áit eile. Nuair a tháinig an gasúr arís d’innse se do’n bean go bhfuair sé cuid [ói]? Sheán, “dtug tú leat a ghach de” arsa sise, “thug me liom dhá giní” arsa seisean. “Bhal a leanbh” ar sise. “Tabhair leat treán de ar sise agus ceannuigh culaith eadaigh duit fhein agus rudaí eile atá a dhith orainne. Acht an lá a bhí sé gabhail arís ní rabh an t-ór le(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádraig Ó Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Uí Bhailis
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Cró Bheithe, Co. Dhún na nGall