Scoil: Leitir
- Suíomh:
- Teampall Cróine, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Proinsias Ó hEachaidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Cleasannaí :- i Leitir ‘Ic a’ Bháird
Dallóg :- Cuirtear éadach ar súile duine amháin, Théigheann na daoine eile uilig i bhfólach acht duine amháin. Seasann an duine sin ar chúl an duine a bhfuil an dallóg air agus déirfidh sé, “déan a bhfuil tú ábalta acht ní bhfuighe tú greim ormsa”. Thig leis an duine a bhfuil an dallóg air, chuir tughadh áit air bith acht gan an t-eadach a bhaint de a chuid súile. An chéad duine a ghéibh sé gréim air, caithfhidh an duine sin an t-éadach a chuir ar a chuid súile in-a dhiaidh.Thart-an-Bhróg:- Suidheann na daoine thart ar an thalamh i bhfáinne. Seasann duine amháin istoigh i lár an fáinne agus congbhuigheann sé a chuid láimh ar a chuid súil.(leanann ar an chéad leathanach eile)