Scoil: An Clochán Liath (Dungloe)
- Suíomh:
- An Clochán Liath, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Róis, Bean Uí Éaluighthe
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus bhí an tarbh seo ábalta labart. Thainig an tarbh aníos cuig an gásúr agus cuir sé ceist air cád chuige a rabh sé ag caoineadh D’innis an gasúr dó, agus dubhairt an tarbh leis go rabh corc istig in a chluais. Annsin dubhairt an tarbh leis.
(Rinne an gasur) “Tarraing amach é agus geobhaidh tú do sháith lé h-ite”.
Rinne an gasúr mar h-iarrad air, agus tainig tábla mór do acan cinéal bidh, agus dige air. Suidh an gasur, agus dith sé a sháith. Cuir sé an corch isteach arais, agus dimtig an tabla.
Annsin dimtig sé un a baile, agus cupla lá indaid seo shíl a leas mháthair go rabh sé ag éirigh iongantach reamhar
Cuir sí an cailin a bhí go maith don gasúr go bhfeicfeadh si caide a bhéadh an gasúr ag dheánamh.
D’imtig sí agus nuair a bhí sí fa giota dón gasúr connaich sí caidé bhí sé ag deánamh. Connaich an gasúr ise fosta, agus diarr sé uirthí teacht agus cuidh don bíadh a ite.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eiblín Ní Dhubhthaigh
- Inscne
- Baineann