Scoil: Dubhchoradh
- Suíomh:
- An Dúchoraidh, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máighréad, Bean Mhic Amhlaoidh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhchoradh
- XML Leathanach 372
- XML “Seanfhocla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)269. Ní críonnaighe an cat nó an coimhéaduidhe.
270. Sean bhróga árda, sean lásaí agus sean saighduír, na trí neithe is lugha measa amuigh.
271. Níl sa tsaoghal acht gaoth agus toit
A chaírdeas Chríost as Mín na mBroc
Caith do phíopa agus bí do thost.
272. Fear gan airgead, is goirid a bhéidheas sé ag dul fríd an aonach.
273. Sean-fhocal agus é fíor.
A bhí ag daoinibh ó ghnáthach
An t-am a bristear ar an chruaidhe
Gur fusa do’n tsluagh í d’fhághail.
274. Tuar-ceatha ó dheas,
Grian agus teas,
Tuar-ceatha ó thuaidh,
Fearthainn agus fuacht.
275. Mac na mi-reatha a (tug) rachadh amach i mbéal ceatha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Bean Mhic Amhlaoidh
- Inscne
- Baineann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)