Scoil: Doobin (uimhir rolla 16383)
- Suíomh:
- Dúbinn, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Fhloinn
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Smaointeadh ar an Am a Bhí - AmhránI
Is aoibhinn éalodh suas an gleann
Agus suidhe ar bhruach na habhna
San tSamhradh bhuidhe nuair dul a luighe
Atá an ghrian tratnóna
Na héanlaith beag ar bharr na gcrann
Ag gabhail cheoil 'na suidhe go héaarach
Na bric ag léimnigh ins an tsruthán
go luthaireach éarach meidhreachII
Is aobhinn suidhe ar mhullach cruic
Ós cionn gort is coillte 's [corroin?]
Ag smaoineadh ar an am a bhí
Tá fad ó shoin in Éirinn
Mar a chosain gaisgidhe na hÁrd Craoibh Ruaidh
Gach bean, sean-fhear agus páiste
Sul ar chur ar námhaid
Ualach ar ár dtír agus marbh fáisgeIII
Ar an sgrios a ghnidheann an námhaid orainn
Is minic mise ag smaointeadh
Acht tiocfaidh an lá le cuidiú Dé
I mbaintear asta cúiteamh
Beannacht Dé ar Éire bhoicht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Ó Gallchubair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 73
- Seoladh
- An Fál Carrach, Co. Dhún na nGall